Seirbhís le haghaidh Poist Teagaisc Ionadaíocha (STP) – Do scoileanna

Is seirbhís fógraíochta í seo atá curtha ar fáil ag Staffroom.ie do scoileanna agus d’iarrthóirí chun cabhru le scoileanna iarrthóirí a lorg le haghaidh poist ghearrthéarmacha. Nuair a chuireann scoil Post Teagaisc Ionadaíoch (STP) isteach, seoltar foláireamh chuig na múinteoirí sin a léirigh spéis i bpoist ghearrthéarmacha. Ar an gcaoi chéanna, faigheann scoileanna foláireamh maidir le múinteoirí ar spéis leo poist ionadaíocha teagaisc a ghlacadh sa chontae ina bhfuil an scoil lonnaithe.

D’eisigh Roinn Oideachais agus Scileanna na hÉireann Ciorclán 0031/2011 ina luaitear earcaíocht, clárú agus cáilíochtaí múinteoirí. Molaimid go léann údaráis na scoile an Ciorclán sin in éineacht le rialacháin ábhartha eile ón Roinn chéanna sula dtosaíonn siad ar phróiseas earcaíochta (e.g. Lámhleabhar Rialacháin do Bhunscoileanna).

Mar a aibhsítear sa Chiorclán ‘is é an aidhm atá leis an imlitir seo ná a dheimhniú, chomh fada is a bheadh praiticiúil, gur múinteoirí cláraithe iad, le cáilíochtaí iomchuí don earnáil agus oiriúnach don phost ina bhfuilid fostaithe, na daoine a cheaptar. Agus chomh maith le sin go ndéanfar fostaíocht a thairiscint do mhúinteoirí neamhfhostaithe de rogha ar mhúinteoirí ar scor.” Leagann an Ciorclán céanna béim freisin go ndéanfadh “gach fostóir a dheimhniú go gcomhlíonfar na coinníollacha thíos ag gach duine a bheartaítear a cheapadh do phost teagaisc faoina bhfuil deontas tuarastail á lorg – (a) Bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta de réir Chuid 3 d’Acht na Comhairle Múinteoireachta 2001. agus (b) Bheith i seilbh na gcáilíochtaí iomchuí don earnáil agus a bheith oiriúnach don phost ina mbeidh an duine sin le fostú. (atá luaite san imlitir seo mar “cáilithe go hiomchuí”) ”

Is féidir Ciorcláin agus Foirmeacha ón Roinn Oideachais agus Scileanna a fháil anseo.