Polasaí Príobháideachais

Faoi Staffroom

Tagraímid don dá théarma úsáideora nó úsáideoirí mar scoil / scoileanna, fostóirí / fostóirí, fógróir / fógróirí poist, institiúid / institiúidí oideachais, eagraíocht / eagraíochtaí, comhlucht / comhluchtaí, iarrthóir / iarrthóirí poist, nó aon duine eile a úsáideann an suíomh gréasáin seo agus na seirbhísí a sholáthraímid.

Léigh níos mó anseo

Is iad seo do phríomhchearta mar dhuine is ábhar do na sonraí:

  • Cóip de do shonraí pearsanta atá i seilbh an rialaitheora sonraí (Staffroom sa chás seo) a iarraidh, nó a iarraidh ar Staffroom do chuid sonraí nó roghanna pearsanta a uasdátú nó a scriosadh. Más mian leat, déan teagmháil linn ag [email protected]
  • Gearán a chur isteach chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.

Le haghaidh tuilleadh eolais a bhaineann le cosaint sonraí a fháil, tabhair cuairt ar an gCoimisinéir Cosanta Sonraí anseo www.dataprotection.ie

Cén eolas a bhailímid agus conas a bhailímid é?

Cruthaítear ár mbunachair sonraí den chuid is mó le faisnéis a sholáthraíonn scoileanna nó fostóirí eile, cuardaitheoirí poist nó cuairteoirí eile ar ár suíomh gréasáin dá ndeoin féin. Ina theannta sin, úsáidimid bunachair sonraí a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna www.education.ie atá ar an bhfearann poiblí.
Bíonn na daoine is ábhar do shonraí i gcónaí in ann Díliostáil ónár mbunachair sonraí nó ó aon chumarsáid eile de chuid Staffroom más mian leo.
Bailímid faisnéis freisin de réir ár bPolasaí Fianán. Le haghaidh tuilleadh sonraí léigh anseo ár bPolasaí Fianán.

Cén fáth go ndéanaimid sonraí a phróiseáil?

Tá ár seirbhísí bunaithe ar leas an phobail agus ar sheirbhísí a sholáthar do scoileanna, eagraíochtaí eile agus lucht cuardaigh fostaíochta ó chultúir éagsúla agus creidimh éagsúla atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann nó thar lear. Tá sé mar chuspóir againn an próiseas earcaíochta a éascú toisc gur uirlis fógraíochta ar líne an láithreán gréasáin seo.

Go sonrach, déanaimid sonraí a phróiseáil chun na críocha seo a leanas:

  • Seirbhísí den chaighdeán is airde a sholáthar do chustaiméirí agus d’úsáideoirí.
  • Ár gcustaiméirí, custaiméirí ionchasacha agus ár n-úsáideoirí a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí nua agus nuashonruithe ar ár seirbhísí.
  • Na pacáistí is fearr a thairiscint dár gcustaiméirí ionchasacha trínár seirbhísí.
  • Ár gcuntais agus taifid féin a choinneáil.

Bunús dlithiúil a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil

Bailíonn agus stórálann Staffroom na sonraí is bunúsaí agus is ábhartha maidir le sonraí teagmhála a gcustaiméirí ’(fostóirí) agus iarratasóirí’ (lucht cuardaigh fostaíochta) bunaithe ar a gceadanna tugtha do Staffroom.

Ní phróiseálaimid sonraí ach le húsáid chun na críche ar bailíodh iad, ar bhealach trédhearcach agus measúil a chomhlíonann caighdeáin GDPR.

Cé a bhfuil rochtain aige ar shonraí?

Tá rochtain ag ár bhfoireann ard-thiomnaithe i Staffroom ar shonraí ar mhaithe le seirbhís agus tacaíocht den scoth a sholáthar dár gcliaint.

Stóráiltear sonraí scoileanna, a bhfógraí poist san áireamh ar ár gcóras chun an tseirbhís is fearr a sholáthar dóibh féin agus do chuardaitheoirí fostaíochta.

Stóráiltear sonraí iarrrthóirí ar ár gcóras chun foláirimh poist agus stóráil scamall-bhunaithe a sholáthar dóibh chun a bpróiseas iarratais le haghaidh earcaíochta a éascú. Ní sholáthraíonn Staffroom sonraí iarrathóirí do scoileanna ná d’aon tríú páirtí eile. Uaireanta, féadfaimid seirbhísí MailChimp nó soláthraithe comhchosúla a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh lenár gcláraitheoirí ar an láithreáin ghréasáin nó le cuairteoirí ar ár láithreán gréasáin.

Conas phróiseálaimid na sonraí?

Bainistíonn Staffroom sonraí ar bhealach trédhearcach agus freagrach de réir riachtanais GDPR agus de réir rialachán ábhartha eile.

Ní roinnimid na sonraí pearsanta a phróiseálaimid i Staffroom le tríú páirtithe. D’fhéadfadh go mbeadh eisceachtaí i bhfeidhm nuair a chaithfimid cloí le rialacháin eile na hÉireann nó an Aontas Eorpaigh. Uaireanta, féadfaidh an Staffroom tríú páirtí a úsáid chun cumarsáid a sheoladh amach, (mar shampla, seirbhísí Mailchimp a úsáid).

Cá stóráilimid sonraí? Soláthróirí agus cosaint sonraí

Féadfaidh Staffroom sonraí a stóráil i gcóip chrua agus i bhformáid leictreonach, i gcaibinéid stórála atá á mbainistiú againn féin agus / nó féadfaidh siad faisnéis a stóráil i gcórais atá á bhfeidhmiú ag ár soláthraithe.

Tá ár soláthraithe aitheanta agus domhanda lonnaithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus i Meiriceá. Maidir leo siúd atá lonnaithe lasmuigh den LEE, is baill ghníomhacha iad de Privacy Shield. Mar a deir an t-eintiteas sin ar a shuíomh gréasáin, “Dhearadh Privacy Shield Frameworks an EU-U.S. Eilvéis-U.S. chun meicníocht a sholáthar do chomhluchtaí ar dhá thaobh an Atlantaigh chun ceanglais um chosaint sonraí a chomhlíonadh agus iad ag aistriú sonraí pearsanta ón Aontas Eorpach agus ón Eilvéis chuig na Stáit Aontaithe mar thacaíocht do thráchtáil trasatlantach ”. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig www.privacyshield.gov/welcome

Cén fhad a choinnímid sonraí agus céard é an próiseas scriosadh?

Coinnímid sonraí chomh fada agus is gá iad a choinneáil chun tacú le caidreamh gnó le comhpháirtí agus / nó chun an leibhéal is airde seirbhíse agus tacaíochta a thairiscint, agus chomh maith leis sin, de réir riachtanas dlí. Ní choinnítear sonraí ach chun na críche ar bailíodh iad i dtosach.

Coinníonn an Staffroom taifid ar na sonraí a sholáthraíonn a chustaiméirí agus a chuardaitheoirí fostaíochta a chláraigh ar ár gcóras agus iad siúd a rinne teagmháil linn trínár suíomh gréasáin.
Tá cláraitheoirí ar ár gcóras in ann a gcuntais a scriosadh am ar bith gur mian leo. Chomh maith leis sin, scriosfar sonraí ar iarratas ó chustaiméirí nó ó aon duine eile is ábhar do na sonraí a bhfuil a gcuid sonraí teagmhála inár gcóras. Scriosfar cuntais nár ghníomhaigh cláraitheoirí le linn an phróisis chlárúcháin tar éis seachtain ó cuireadh tús leis an bpróiseas clárúcháin.

Uasdátú sonraí

Déanaimid ár mbunachair sonraí a uasdátú go rialta chun an t-eolas a choinneáil cruinn. Más mian leat go ndéanfaimis do shonraí teagmhála a uasdátú nó fiú a scriosadh, seol ríomhphost chugainn anseo: [email protected]

Slándáil sonraí

Comhlíonann ár gcóras caighdeáin slándála a aithnítear go forleathan lena n-áirítear deimhniú SSL, criptiú slandála, deimhniú ISO 27001 agus líonraí le ballaí dóiteáin i measc nithe eile. Baineann na caighdeáin seo lenár suíomh gréasáin agus lenár gcóras cúil araon.

Maidir le húadátú an Pholasaí Phríobháideachais Seo

Forchoimeádann Staffroom na cearta chun an Polasaí Príobháideachis seo a athbhreithniú gan réamhfhógra. Mar molaimid an suíomh gréasáin seo a sheiceáil le haghaidh uasdátuithe nua.

Sonraí teagmhála maidir le GDPR

Más mian leat GDPR a phlé linn, a thuilleadh, seol ríomhphost chugainn ar [email protected]

Nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí i bPoblacht na hÉireann:

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Súiomh Gréasáin
Fón
09:15 – 17:30hrs (17.15 Friday)
Seoladh Poist
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
Éire
D02 RD28
Offices
Oifig Bhaile Átha Cliath
21 Cearnóg Mhic Liam Theas
Baile Átha Cliath 2
Éire
D02 RD28
Oifig Chúl an tSúdaire
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúl an tSúdaire
Co. Laoise
Éire
R32 AP23

Tuilleadh eolais

Rialachán (Eu) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Acht Cosanta Sonraí na hÉireann 2018 (Uimhir 7 de 2018)

Uasdátú is déanaí Meitheamh 2019
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir lenár dTéarmaí & Coinníollacha.