Faoi Staffroom

Is suíomh gréasáin fógraíochta poist é staffroom.ie le haghaidh fostóirí sa réimse bunscolaíochta in Éirinn. Tá sé faofa ag Cumann Bainistíochta na mBunscoileanna Caitliceacha (CPSMA) agus ag comhlachtaí bainistíochta eile agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna in Éirinn.

Fógraíonn sé poist mhúinteoireachta lánaimseartha, páirtaimseartha agus sealadacha do gach cineál ról teagaisc agus tacaíochta agus tugann sé deis do chuardaitheoirí poist iarratas a dhéanamh díreach chuig scoileanna ar phost atá fógraithe.
Rinneadh feabhas le déanaí ar staffroom.ie mar thoradh ar ghnéithe nua corraitheacha a chur leis. Is féidir le fostóirí agus iarrthóirí clárú anois ar ár gcóras, rud a ligean d’úsáideoirí a bproifílí a bhainistiú agus a shimplíonn an córas earcaíochta do scoileanna agus do chuardaitheoirí poist araon.

Is buntáiste eile d’ár suíomh gréasáin nua ná go bhfuilimid ag cabhrú le scoileanna maidir le rólannna mar mhúinteoirí ionaid a fhógairt. Is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh le hoidí láncháilithe bunscoile leasmhara i dtaobh folúntais d’ionadaithe.

Tá dearadh nua-aimseartha, simplí agus éifeachtach ag staffroom.ie a chabhraíonn le húsáideoirí na torthaí is fearr is féidir a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ár seirbhísí. Táimid tiomanta ar an tseirbhís is fearr a sholáthar, mar sin, coinnigh súil ar fhorbairtí amach anseo agus ar shaoráidí nua.

Ba bhreá linn go ndéanfá ár seirbhísí a iniúchadh agus a úsáid agus ba mhór againn cloisteáil uait maidir le do thaithí ar staffroom.ie a úsáid.

Déan teagmháil linn ag [email protected] nó, mar mhalairt air sin, cliceáil ar Déan teagmháil linn, áit a bhfaighidh tú foirm teagmhála.

Is cuid den Church Support Group (CSG) é staffroom.ie.

Is eagraíocht neamhspleách é Church Support Group a bhfuil sé mar chuspóir aige cuidiú le heaglaisí Críostaí agus a eagraíochtaí ina gcuid oibre soiscéalaíochta nua. Díríonn obair an CSG ar réimsí éagsúla agus is féidir é a fheiceáil ach na naisc seo a leanúint:

www.churchservices.tv
www.churchsupportgroup.com
www.catholicireland.net
www.churchtelecom.com
www.staffroom.ie