Ceisteanna Coitianta

D’iarrthóirí

Is féidir le cuardaitheoirí poist ar mian leo obair i mbunscoil mar mhúinteoirí, CRSanna nó mar bhaill foirne tacaíochta an suíomh gréasáin seo a úsáid. Tugann Staffroom.ie cuireadh do bhunscoileanna ó gach éiteas a bheith páirteach linn mar chuid den phobal Staffroom[.
Is féidir liosta iomlán na bpost ar leathanach baile an láithreáin ghréasáin seo a fheiceáil anseo. De réir a gcuid roghanna, is féidir le hiarrthóirí folúntais ar leith a chuardach trí roinnt critéar a scagadh agus a roghnú ar an leathanach baile freisin.
Sea. Is féidir le duine ar bith ar spéis leo obair i mbunscoil clarú agus ár seirbhísí a agus a úsáid. Cliceáil anseo le do thoil chun clárú mar iarrthóir. Tá sé simplí agus éasca.
Sea. Chomh luath agus atá tú cláraithe ar an gcóras Staffroom.ie, is féidir leat foláirimh a chruthú. Ciallaíonn sé sin go mbíonn tú in ann roinnt sainroghanna a roghnú a chuireann fógra chugat i nuair a fhógraítear post nua a chomhlíonann do roghanna. Mar sin, déanfaidh ár gcóras teagmháil leat má fhógraítear post nua agus má chomhlíonann sé do chuid sainroghanna. Is féidir leat foláirimh nó critéir foláirimh a uasdátú nó a scriosadh am ar bith.
Tá cuardaitheoirí poist in ann a bpróifílí a bhainistiú trí logáil isteach sa chóras. Ciallaíonn sé seo gur féidir d’fhaisnéis a uasdátú nó a scriosadh go buan am ar bith. Chun ár bPolasaí Príobháideachais a léamh, cliceáil anseo le do thoil.
Sea. Is féidir le cuardaitheoirí poist a gcuid CVanna nó litreacha clúdaigh a uaslódáil ar a bpróifílí chun go mbeidh siad áisiúil agus iad ag cur isteach ar phoist.
Ar an drochuair, níl iarratais ar líne ar fáil tríd an gcóras Staffroom.ie. Is féidir le fostóirí mionsonraí a luadh faoi chonas iarratas a dhéanamh ar gach folúntas. Téigh chuig poist aonair le haghaidh tuilleadh sonraí.
Is féidir. Ag Staffroom.ie tugaimid deis d’fhostóirí Róil Mhúinteoireachta Ionaid (STR) a fhógairt agus do chuardaitheoirí poist foláirimh a chruthú nuair a fhógraítear STR.
Sea. Más mian leat an fhaisnéis sin a léamh, cliceáil ar na naisc thíos dá réir: Ar na cáipéisí sin is féidir leat a fháil amach conas a bhailímid agus a bhainistímid sonraí, conas Staffroom.ie a úsáid agus céard atá i gceist maidir le fianáin
Is féidir le hiarrthóirí teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag [email protected] nó, mar mhalairt air sin, is féidir leo teacht orainn ar an bhfón ar 01 607 7150. Chomh maith leis sin, is féidir leo teacht orainn ar Facebook agus Twitter.

Tuilleadh faoi Staffroom

Ádh mór!


D’ Fhostóirí

Is féidir le bunscoileanna in Éirinn ar spéis leo folúntais a chlárú agus a phostáil seirbhísí Staffroom.ie a úsáid agus leas a bhaint astu. Iarraimid ar bhunscoileanna ó gach éiteas teacht linn agus a bheith mar chuid de phobal Staffroom. Chomh maith leis sin, is féidir le cuardaitheoirí poist atá sásta oibriú i mbunscoileanna mar Mhúinteoirí, CRSanna nó mar bhaill foirne tacaíochta an suíomh gréasáin seo a úsáid.
Sea. Is féidir le scoileanna clárú saor in aisce. Tá sé simplí. Níl le déanamh ach cliceáil anseo agus na céimeanna a leanúint. Bíodh do chuid sonraí scoile in aice láimhe, le do thoil, mar shampla d’uimhir rolla scoile. Beidh seoladh ríomhphoist agus pasfhocal ag teastáil uait chun an próiseas a chur i gcrích. Teastaíonn ainm úsáideora agus pasfhocal chun an próiseas clárúcháin a chríochnú.
Sea. Sula bhfógraítear post, ba cheart do scoileanna clárú ar ár gcóras agus ba cheart dóibh sintiús a dhéanamh dár mballraíocht bhliantúil freisin (teastaíonn íocaíocht ainmniúil). Níl scoileanna in ann poist a fhógairt mura ndéanann siad sintiús don chóras. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil inár dTéarmaí & Coinníollacha.
Déantar síntiúis ón 1 Meán Fómhair go dtí an 30 Lúnasa gach bliain agus clúdaíonn sé fógraí poist neamhtheoranta.
Sea. Sábháiltear na folúntais go léir a fhógraíonn scoil ar phróifíl na scoile ar an gcóras Staffroom.ie.
Sea. Is féidir le scoileanna a bpróifílí a uasdátú nó a scriosadh ón gcóras Staffroom.ie ag am ar bith is mian leo. Tuilleadh faisnéise ar ár bPolasaí Príobháideachais.
Ar an drochuair, níl iarratais ar líne ar fáil tríd an gcóras Staffroom.ie. Tabharfar sonraí d’fhostóirí faoi iarratais atá curtha isteach ar gach folúntas. Ba chóir d’iarrthóirí tagairt a dhéanamh do na fógraí le haghaidh tuilleadh sonraí.
Is féidir. Ag Staffroom.ie tugaimid deis d’fhostóirí Róil Mhúinteoireachta Ionaid (STR) a fhógairt agus do chuardaitheoirí poist foláirimh a chruthú nuair a fhógraítear STR.
Sea. Más mian leat an fhaisnéis sin a léamh, cliceáil ar na naisc thíos dá réir: Ar na cáipéisí sin is féidir leat a fháil amach conas a bhailímid agus a bhainistímid sonraí, conas Staffroom.ie a úsáid agus céard atá i gceist maidir le fianáin
Is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag [email protected] nó, mar mhalairt air sin, is féidir leo teacht orainn ar an bhfón ar 01 607 7150. Chomh maith leis sin, is féidir leo teacht orainn ar Facebook agus Twitter.

Tuilleadh faoi Staffroom

Ádh mór!